Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn

COMHAR NAIONRA NA GAELTACHTA CUIDEACHTA FAOI THEORAINN RÁTHAÍOCHTAMoycullen, Co. Galway, WestEURESfoilsithe 01/10/2026

In order to work in Ireland a non-EEA National, unless they are exempted, must hold a valid employment permit. Please review the Eligibility and requirements for an employment permit if you are unsure of your eligibility to apply for this vacancy.

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn, Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe H91DHW0. Is tréimhse sealadach atá i gceist. Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo. Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine, sa Naíonra agus san Iar-Naíonra. Bé an té a cheapfar ag obair ón tréimhse: 17/08/2026 go 22/12/2026. ​Ráta Pá €16.50 – €18.00 in aghaidh na huaire ag brath ar cáilíochtaí.