Saoiste Scéim Fostaíochta Pobail
Scéim Fostaíochta Pobail Cois Fharraige
Tá saoiste á lorg ag Údarás na Gaeltachta do Scéim Fostaíochta Pobail (Cois Fharraige). Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú ó oifig sa Spidéal. Bheadh sé riachtanach go mbeadh na scileanna/cáilíochtaí seo a leanas ag an iarratasóir:
- Cáilíocht tríú leibhéal ina bhuntáiste
- Taithí mhaoirseachta/bainistíochta
- An cumas oibriú as a stuaim féin
- Taithí ar fhorbairt pobail tuaithe.
- Sár scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus scileanna bainistíochta ar thograí
- Scileanna oiliúna
- Scileanna ríomhaireachta
- Bheith ábalta dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge
- Lán cheadúnas tiomána glan/córas iompair
Tá tuarastal de tuairim is €38,661 bun - €46,694 sa bhliain ag dul leis an bpost seo. Tá an post seo á mhaoiniú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Beidh painéal á bhunú mar thoradh ar an bhfeachtas seo óna bhféadfar folúntais do Saoistí ar na Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta sa cheantar a líonadh, amach anseo.
Seol iarratas, mar aon le Curriculum Vitae roimh 4i.n. 30 Deireadh Fómhair 2026 chuig: An Ceannasaí Réigiúnach Chonnacht/Laighean, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co na Gaillimhe nó ar rphost go sst@udaras.ie
Is fostóir comhionannas deiseanna é Údarás na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge a theanga oibre.
Contact person
Listed by the employer in the job posting — for questions and your application.
- An Ceannasaí Réigiúnach Chonnacht/Laigheansst@udaras.ie